TG4 to celebrate their 20th birthday with a special Oíche Shamhna live extravaganza!
Oíche Shamhna 2016 looks set to deliver one of the most spectacular celebrations with the live broadcast of TG4’s twentieth birthday party. TG4XX Beo will broadcast live from 9.30pm to 11.30pm on the channel.
TG4XX Beo is a 360º visual feast celebrating Ireland’s rich culture, language, music and dance. All elements in the show will tie in to the main theme - thePassing of the Torch. TG4XX Beo is about old traditions and new directions fusing together - music, dance, songs, guests and conversation representing our culture at it’s very best. TG4XX Beo is a celebration of twenty years of TG4 on air and all it has achieved keeping the flame of Irish culture alight and allowing it to shine brighter and further afield.
Oíche Shamhna provides the backdrop for this magical night with thirty specially created characters, created by Billy Mag Fhloinn, taking centre stage for an evening of extraordinary festivities. TG4XX Beo will take place in venues all over the country, from the main central purpose built pavilion at the NUIG Quad in the heart of Galway city, from the home of TG4 in Baile na hAbhann in the Connemara Gaeltacht as well as two satellite units, one at the western tip of the Dingle Peninsula in west Kerry Gaeltacht at the legendary Páidí Ó Sé pub and the second in Donegal at Ionad Cois Locha, Gweedore.
The very special guest at the Quad in NUIG will be Uachtarán na hÉireann, Michael D Higgins who will give a live address during the programme. His presence is of particular significance, given that one of his most praised achievements as Arts Minister in the 1990s was the establishment of Teilifís na Gaeilge, now TG4. He is held in particular affection for that. A very special welcome will surely be extended to him.
TG4XX Beo will feature many bespoke performances and arrangements over this extraordinary two hours show including: HotHouse Flowers, Máirtín O’Connor and the Big Band, Prodijig, Duke Special & Ulaid, Imlé withMaitiú Ó Casaide, Nell Ní Chróinín & Séamus Ó Beaglaoích, Aeons agus Muireann Nic Amhlaobh & Seamus Barra Ó Súilleabháin, Pólca 4, Kormac & Daithi, Liam Ó Maonlaí and a specially curated performance with choirs from various Gaeltacht communities plus many more.
Speaking about this unique event, Executive Director/Producer, Paul McKay Gifted Empire Productions said “TG4XX Beo will bring together some of the very best talent this country has to offer and we hope to light a flame that lasts for the next twenty years.”
Newly appointed TG4 Director General, Alan Esslemont is very much looking forward to the event. “Oíche Shamhna has always been a special date in the Celtic imagination,” he said “ and this spectacular event will mark the beginning of an exciting new chapter for the TG4 story”.
For further information on TG4XX Beo, please contact:
Kathryn Mason - Kathryn Mason PR & Marketing, 087-2627977 km@kathrynmason.ie
Púcaí Ceolmhara na Samhna ag Breithlá TG4
Déanfar ceilúradh taibhsiúil ar Bhreithlá TG4 XX le beochraoladh spleodrach ceolmhar, fileata ar Oíche Shamhna, Luan 31 Deireadh Fómhair 9.30pm -11.30pm.
Ariamh anall, b’ócáid ar leith í an tSamhain i samhlaíocht agus i saíocht na gCeilteach, tráth ina dtagann an saol seo agus an saol eile le chéile ar feadh oíche amháin eisceachtúil. Roghnaíodh an oíche dhraíochtúil seo d’oscailt Theilifís na Gaeilge i 1996. Anois, agus an cainéal fiche bliain ag fás ar Oíche Shamhna na bliana seo, déanfaidh TG4XX Beo an ceiliúradh ceolmhar is cuí le féasta físiúil fileata 360º ar chultúr, ar theanga agus ar amhráin na Gaeilge. Aistriú an Lóchrainn is téama don cheiliúradh, fleadh ina mbeidh na snátha éagsúla ceoil, amhránaíochta, damhsa agus filíochta fite le chéile go healaíonta soilseach.
Lárnach ón tús ann beidh fiche carachtar draíochtúil atá cruthaithe go speisialta don ócáid, iad ar cuairt chugainn ón saol eile, seans, rud a tharlaíonn faoi Shamhain. Beidh go leor den bheochraoladh ag teacht ó phuball gloine agus miotail atá á thógáil sa Quad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh míreanna beo le feiceáil sa gcraoladh freisin ó Cheannáras TG4 i mBaile na hAbhann, ó Thigh Phaídí Uí Shé i gCorca Dhuibhne agus ón Ionad Cois Locha i nGaeltacht Dhún na nGall.
Is é Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUiginn an t-aoi speisialta ar an oíche, ceannaire a bhfuil gean agus meas ar leith air as a ról lárnach féin i mbunú Theilifís na Gaeilge mar Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta. Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc uaidh le linn an chláir.
Beidh ceol den scoth ar TG4XX Beo ó oirfidigh a bhfuil cáil orthu le fada agus dáimh ar leith acu leis an gcainéal Gaeilge – ina measc HotHouse Flowers, Máirtín O’Connor agus a Bhanna, Prodijig, Duke Special & Ulaid, Imlé, Maitiú Ó Casaide, Nell Ní Chróinín, Séamus Ó Beaglaoích, Aeons agus Muireann Nic Amhlaobh & Seamus Barra Ó Súilleabháin, Pólca 4, Kormac & Daithi agus Liam Ó Maonlaí. Craolfar freisin píosaí nua-chumtha sain-cheaptha ar théama na oíche ó fhilí aitheanta Gaeilge mar aon le comh-oirfideadh speisialta ó chóranna aitheanta Gaeltachta. Is é an comhlacht aitheanta Gifted Empire (FleadhTV) a bheidh i mbun an léiriúcháin.
Deir Ardstiúrthóir nua-cheaptha TG4 Director Alan Esslemont go bhfuil sé ag súil go mór leis an ócáid. “Cloch mhíle í do TG4,” a dúirt sé “agus muid ag tabhairt aghaidh ar chéim nua dár n-aistear le mórtas agus le misneach.”
CRÍOCH
Breis eolais:
Méabh Ní Thuathaláin meabh@kathrynmason.ie 087-262 8019