News

Missed an earlier news item? Visit the news archive.

SIANSA GAEL LINN 2008

www.gael-linn.ie
Tá an Fómhar buailte linn arís agus tá sé in am a bheith ag smaoineamh ar iontráil do Siansa Gael Linn 2008 ! Autumn is upon us and it’s time to be thinking of entering for Siansa Gael Linn 2008!

De bharr an méid spéise atá á léiriú sa chomórtas le tamall de bhlianta anuas, tá áthas orainn a chur in iúl go bhfuil sé fógraithe ag Gael Linn go mbeidh Craobh Siansa 2008 ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta i mBaile Átha Cliath i mbliana ar an Domhnach, 27 Aibreán 2008, áit a mbeidh 8 ngrúpa san iomaíocht don duaischiste €4,000.

We are delighted to announce that, due to the phenomenal interest in the competition over the last number of years, Gael Linn has decided that the finals will be held this year in the National Concert Hall, Dublin on Sunday 27 April 2008 where 8 groups of talented teenage musicians and singers will be in contention for a prizefund of €4000.

Mar go n-áirítear amhrán Ghaeilge mar chuid lárnach de chlár ceoil gach grúpa, rud nach mbaineann le comórtais ceoil eile, tugtar deis iontach d’amhránaithe óga a bheith ar stáitse. What sets Siansa Gael Linn apart from other traditional music competitions is that all groups must include a song ‘as Gaeilge’ in their programme – a chance for all singers to shine !

Ag cuidiú leis na grúpaí ag na ceardlanna i mbliana beidh Cormac de Barra(cruitire/ amhránaí ) agus Oisín Mac Diarmada (fidléir/amhránaí) – beirt go bhfuil cleachtadh mhaith acu ar a bheith ag seinm le grúpaí éagsúla agus ar an obair a ghabhann leis sin !
Two great musicians, Cormac de Barra ( harpist/singer ) and Oisín Mac Diarmada ( fiddler/singer ), both of whom have gained a wealth of experience playing music with various traditional groups, will be on hand during the workshops this year to give help and advice to the young people.

Is é an dáta deiridh iontrála ná 16 Samhain 2007 agus caithfidh na hiarrachtaí ceoil a bheith ag Gael Linn roimh 20 Nollaig 2007 .
Last date for entry is 16 November 2007 and Gael Linn must be in receipt of all recordings by 20 December 2007

Tá gach eolas faoi SIANSA GAEL LINN 2008 ar fáil ó 01:6753303/ niamh@gael-linn.ie nó ag www.gael-linn.ie

All details on SIANSA GAEL LINN 2008 may be had from 01:6753303/niamh@gael-linn.ie or www.gael-linn.ie.

Permalink - Posted: September 18, 2007 at 11:05 am